Ar an gCéadaoin agus an Déardaoin seo chaite, chuaigh na dá Rang 6 ar thuras oideachasúil go Conamara agus Inis Mór, Oileáin Árainn. Ar dtús ar an gCéadaoin chuamar go Cnoc Teamhair agus rinneamar an mórshiúil a rinne na ríthe agus na draíothe fadó.
I ndiaidh sin chuamar go Loch Criú, in iarthar Co. na Mí le dul isteach i tuama cheilteach a d'úsáid na Ríthe in Éirinn fadó sula ndeachaigh siad go Teamhair. Ar aghaidh linn ansin go Caisleán Áth Luain agus go gailearaí ealaíne 'Luan' agus nuair a chríochnaíomar ansin, siar linn go Baile na hAbhann, i gConamara.
Bhí dinnéar againn agus ansin bhuaileamar leis na páistí sa scoil áitiúil agus bhí an-craic againn ag Tráth na gCeist agus oíche shóisialta.
Ar an Déardaoin thógamar bád farantóireachta ó Ros a Mhíl go Inis Mór. Rinneamar siúilóid 2 uair a chloig agus chonaiceamar Dún Aonghusa agus cheannaíomar uachtar reoite álainn roimh dul ag lapadáil agus ag snámh san fharraige!
Ansin thógamar an bhád ar ais don mhórthír thart ar a 5 agus stopamar ag Supermacs in Áth an Rí. Nuair a bhí an béile ite againn, d'fhilleamar abhaile go Maigh Nuad. Bhíomar go leir traochta, ach d'aontaigh gach duine gur turas den scoth a bhí ann!
Bhí múinteoir John agus Caoileann chomh bródúil as na páistí go léir!






