Gaelscoil Uí Fhiaich
Cothrom na Féinne

Turas Gaeltachta Rang 6

Bhí Rang 6 i nGaillimh ar thuras an seachtain seo chaite!
29-Bealtaine-17
Turas Gaeltachta Rang 6

Ar an gCéadaoin agus an Déardaoin seo chaite, chuaigh na dá Rang 6 ar thuras oideachasúil go Conamara agus Inis Mór, Oileáin Árainn. Ar dtús ar an gCéadaoin chuamar go Cnoc Teamhair agus rinneamar an mórshiúil a rinne na ríthe agus na draíothe fadó.

I ndiaidh sin chuamar go Loch Criú, in iarthar Co. na Mí le dul isteach i tuama cheilteach a d'úsáid na Ríthe in Éirinn fadó sula ndeachaigh siad go Teamhair. Ar aghaidh linn ansin go Caisleán Áth Luain agus go gailearaí ealaíne 'Luan' agus nuair a chríochnaíomar ansin, siar linn go Baile na hAbhann, i gConamara.

Bhí dinnéar againn agus ansin bhuaileamar leis na páistí sa scoil áitiúil agus bhí an-craic againn ag Tráth na gCeist agus oíche shóisialta.

Ar an Déardaoin thógamar bád farantóireachta ó Ros a Mhíl go Inis Mór. Rinneamar siúilóid 2 uair a chloig agus chonaiceamar Dún Aonghusa agus cheannaíomar uachtar reoite álainn roimh dul ag lapadáil agus ag snámh san fharraige!

Ansin thógamar an bhád ar ais don mhórthír thart ar a 5 agus stopamar ag Supermacs in Áth an Rí. Nuair a bhí an béile ite againn, d'fhilleamar abhaile go Maigh Nuad. Bhíomar go leir traochta, ach d'aontaigh gach duine gur turas den scoth a bhí ann!

Bhí múinteoir John agus Caoileann chomh bródúil as na páistí go léir!

Gaeltacht 1.jpggaeltacht 2.jpg

gaeltacht 3.jpggaeltacht 4.jpg

gaeltacht 5.jpg

gaeltacht 7.jpggaeltacht 8.jpg

Enquire
 
 
 
Contact
GaelScoil uí Fhiaich
Bóthar Chill Droichid
Maigh Nuad
Co. Chill Dara

01 629 0667

Location
© 2018 Gaelscoil Uí Fhiaich